Comhairle na nDaltaí

Stair Comhairle na Mac Léinn

Bíonn Comhairle na Mac Léinn bainteach le roinnt mhaith gníomhaíochtaí i saol na scoile.  Bunaíodh i 2006 é ar dtús agus ó shin tá siad tar éis roinnt feabhsaithe a chur i bhfeidhm do dhaltaí na scoile chomh maith le gníomhaíochtaí éagsúla a eagrú in dteannta bainistíocht agus múinteoirí.  Sampla de sin ná an siúlóid scoile i 2008 a bhailigh os cionn €20,000 ar son na scoile.  Tionscnamh eile a thosaíodar ná athchúrsáil i seomraí ranga na daltaí chéad bliana.


 

Bunreacht Comhairle Na Mac Léinn

  1. Dhá dalta as gach bliain ar an gcomhairle. (Roghnófar ag toghchán í ar feadh tearma bliana I Mí Mhéan Fómhair gach bliain)
  2. Beidh cuireadh ag stiúrthóir agus an Príomhoide chun a bheith i láthair ag na cruinnithe.
  3. Eagrófar cruinnithe gach seachtain agus beifear ag súil le gach ball bheith I láthair.
  4. Toghfaidh an Comhairle Cathaoirleach, Rúnaí, Cisteoir, agus oifigigh eile. Tearma bliana.
  5. Tógfaidh an Rúnaí miontuairiscí ag gach cruinniú agus cuirfear athchoimre ar fáil don scoil.
  6. Coiméadfaidh an cisteoir cuntaisí agus cuirfidh sé/sí ar fáil don scoil iad ag deireadh na bliana.
  7. Beidh cead ag an gcomhairle fo-choistí a ainmniú le daoine breise orthu más gá, le himeachtaí éagsula a éagrú.
  8. Beidh cruinnithe rialta idir baill don Chomhairle,an príomhoide agus an múinteoir comhairleach.
  9. Déanfar athbreithniú do rialta ar an mbunreacht seo. (Más gá).
  10. Níl an Chomhairle in ann bunrialacha scoile a aistriú.
  11. Níl éinne sa Chomhairle in ann aon gearán pearsanta mar gheall ar múinteoirí a thógaint.
  12. Táimid anseo ar son na ndaltaí. Táimid anseo mar ghuth na ndaltaí, chun tuairimí daltaí a thógaint agus iarracht a déanamh iad a réiteach.
  13. Tá an Chomhairle anseo chun tacaíocht a thabhairt don Gaeilge.
  14. Níl an Chomhairle anseo chun gearán pearsanta a thógaint go dtí crunnithe nó aon rud a rá mar gheall ar aon dalta mar aonarach. (Ach má tá fadhb phearsanta agat beidh sé réitithe idir an ball den chomhairle agus an dalta.
  15. Déantar cinní trí mhéan vóta daonlathach.
  16. Táimid anseo chun comhoibriú le daltaí, múinteoirí, an bord bainistíochta srl.
  17. Táimid chun iarracht a dhéanamh roinnt feabhsuithe a dhéanamh ar an scoil.