Gaelchas Teo

Scoil Na nÓg

Gailearaí Na nGrianghraf

Fáilte an Phríomhoide

Iarbhunscoil lán-Ghaelach deonacha (non-fee paying), lae agus cónaithe (táille) do bhuachaillí agus cailíní is ea Coláiste an Phiarsaigh. Is í an Ghaeilge an teanga chaidrimh ag múinteoirí agus ag daltaí sa scoil agus taobh amuigh di, agus tá dualgas ar gach dalta Gaeilge a labhairt. Glacaimid le daltaí cónaithe agus lae-cónaithe (5/4 lá). Tá deontas ar fáil do dhaltaí cónaithe áirithe.

 

Nuacht is Déanaí

Imeacht Ag Teacht

Níl Aon Imeactaí

Blag is Déanaí

Calcutta 2010 le Megan Ní Mhurchú
Mar is eol daoibh go léir, bhí naoinúr ón ceathrú bhliain i gCalcutta le déanaí. Ba thuras iomlán do-chreidthe é. Bhuaile...

 

Ár gCúram

 

Tá sé mar chúram laethiúil orainn cabhrú, in aon slí is féidir linn, le fás iomlán gach uile dalta. Déanfaidh foireann na scoile tréan‐iarracht a chinntiú go mbeidh gach dalta fíreannach, macánta, dílis, dea‐bhéasach, iontaofa agus freagrach. Is ceart go mbeadh meas ag an dalta ar dhaoine eile, lastigh agus lasmuigh den scoil, agus ar gach a mbaineann leo. Ba cheart go mbeadh siad toilteanach obair de réir a gcumais agus go mbeadh siad eolach ar rialacha agus riachtanaisí na scoile.

 

Is cuid lárnach de fhealsúnacht na scoile an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh den scoil. Chuige sin tugann an scoil, idir mhúinteoirí agus daltaí tús áite do labhairt na Gaeilge sa scoil agus in imeachtaí uile na scoile. Tá sé riachtanach go mbeadh gach duine sásta tacaíocht ghníomhach a thabhairt dúinn san obair sin.

 

Táimid ag súil gur féidir linn freastal go cothrom agus go cóir ar aos óg an cheantair ar shlí taitneamhach, gaelach.

 

Bígí linn san obair.

 

 


Daltaí
| Múinteoirí

ARL DESIGN