Fáilte

Fáilte

Tá sé mar chúram laethúil orainn cabhrú, gur aon slí gur féidir linn, le fás iomlán gach uile dalta. Déanfaidh foireann na scoile tréan‐iarracht a chinntiú go mbeidh gach dalta fíreannach, macánta, dílis, dea‐bhéasach, iontaofa agus freagrach. Is ceart go mbeadh meas ag an dalta ar dhaoine eile, laistigh agus lasmuigh den scoil, agus ar gach a mbaineann leo. Ba cheart go mbeadh siad toilteanach obair de réir a gcumais agus go mbeadh siad eolach ar rialacha agus riachtanais na scoile. Is cuid lárnach de fhealsúnacht na scoile í an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh den scoil. Chuige sin tugann an scoil, idir mhúinteoirí agus daltaí, tús áite do labhairt na Gaeilge ar scoil agus in imeachtaí uile na scoile. Tá sé riachtanach go mbeadh gach duine sásta tacaíocht ghníomhach a thabhairt dúinn san obair sin. Táimid ag súil gur féidir linn freastal go cothrom agus go cóir ar aos óg an cheantair ar shlí thaitneamhach, ghaelach. Bígí linn san obair.

Micheál Ó Tuama

Príomhoide