Oíche Oscailte 25/09/25
Eolas do Thuismitheoirí agus Daltaí faoi Iontráil Bliain 1 2026
ag 6.00in go dtí 8.30in
Tá an Fógra Iontrála Bliantúil seo a leanas ullmhaithe ag Bord Bhainistíochta Choláiste an Phiarsaigh maidir le hiontráil daltaí don scoil bhliain 2026/2027.
Is é líon na n-áiteanna atá ar fáil don chéad bhliain ná 120 dalta
Tá cóip de pholasaí iontrála Choláiste an Phiarsaigh ar fáil ag:
Tá foirmeacha iarratais iontrála do Choláiste an Phiarsaigh ar fáil ag:
Ní ghlacfar le hiarratais do bhuíon na chéad bhliana i gColáiste an Phiarsaigh go dtí 26ú Meán Fomhair 2025. Is é an dáta deireanach go nglacfar le hiarratais ná 21ú Deireadh Fómhair 2025.
Cuirfear aon iarratas a fhaightear tar éis an dáta seo san áireamh agus déanfar é a phroiseáil ar bhonn iarratas déanach de réir pholasaí iontrála na scoile.
Ní ghlacfar le hiarratais aistriú go dtí buíonta na chéad bhliana, an dara, an tríú, an ceathrú, an cuigiú agus buíon an tséú bliain i gColáiste an Phiarsaigh go dtí tar éis 1ú Bealtaine 2026. Is é an dáta deireanach go nglacfar le hiarratais ná 24ú Bealtaine 2026. Cuirfear aon iarratas a fhaightear tar éis an dáta seo san áireamh agus déanfar é a phroiseáil ar bhonn iarratas déanach de réir pholasaí iontrála na scoile.
Cuirfear tairiscint nó diúltú áite in iúl d'iarratasóirí chéad bhliana faoin 23ú Deireadh Fómhair 2025.
Caithfidh iarratasoirí a n-éiríonn leo áit a ghnothú sa chéad bhliain a n-inghlacthacht áite a dheimhniú trí fhoirm inghlacthachta a chur ar ais ar nó roimh 11ú Samhain 2025.
Mura nglactar le tairiscint iontrála roimh an sprioc lá atá leagtha síos thuas, d'fhéadfaí an tairiscint a tharraingt siar.