Tá an traidisiún a bhaineann le Meitheal an láidir anseo i gColáiste an Phiarsaigh. Clár ceannaireachta atá i gceist leis. Roghnaíonn Scala deichniúr dalta idirbhliana gach blian tré agallamh agus caitheann siad seachtain leo ag chur oideachas orthu agus ag déanamh cleachtadh leis na ngrúpa. Aithníonn na scoláirí na buntáistí agus na láidreachtaí atá iontu féin agus leis an tuiscint sin, bíonn siad in ann riachtansaí na scoile a aithint agus teacht i gcabhair ar scoláirí sóisearach na scoile. Baineann Meitheal le aistriúcháin, ag iarraidh difríocht a dhéanamh agus ag cruthú suíomh scoile níos fearr. Tá spiorad fé leith i measc daltaí Meitheal agus cabhraíonn sé seo leo tabhairt fé imeachtaí fé leith. Tagann muinitr Meitheal le chéile uair in aghaidh na seachtaine fé chúram Iníon Ní Chrúalaoi agus bíonn siad de shíor ag eagrú imeachtaí, ag tabhairt aire do lucht na chéad bliana ach go háirithe. Seo roinnt dos na gníomhaíochtaí a bhíonn i gceist:
- Ionduchtú ar Bl.1
- Anam chara a eagrú
- Tráth na gceist Bl.1 / Bl.2
- Céilí na Samhna / Nollag
- Sraitheanna spóirt
- Scannán a eagrú
Gan amhras, má bhíonn aon bhuairt ar dalta sa chéad bhliain, bíonn siad in ann teacht agus labhairt le muinitr Meitheal freisin agus déanfar é a réiteach. Bimís caillte gan Meitheal. Maith sibh.
Meitheal 2019 - 2020
Muirnín Abimbola
Caoimhe Ní Mhaolagáin
Eilís Ní Bhreacáin
Maeve Ní Chroinín
Aoife Ní Cheallaigh
Faye Philpott
Aoife Ní Fhloinn
Marc De Barra
Kevin ó Murnáin
Conchúr Ó Drisceoil