Spórt
Peil, Iomáint & Camógaíocht
Tá foirne Peile, Iománaíochta agus Camógaíochta ag gach aoisghrúpa sa scoil. Tá suim ollmhór ag daltaí na scoile i gcluichí gaelacha. Tá foirne láidir timpeall an cheantair ar fad agus tá rath spórtúla bainte amach ag an chuid daltaí scoile thar na blianta. Imríonn mórán daltaí le foirne áitiúla agus cuid acu le Chorcaigh freisin ag leibhéal difriúla. Mar sin tá béim mór ar Peil, Iomáint agus camógaíocht sa chlár eischuraclaime scoile. Úsáideann lucht CLG na scoile páirc peile Gleann Maghair do thraenáil agus cluichí i rith na bliana.
Snámh
Tá suim ag alán daltaí na scoile i snámh agus tá roinnt acu ina bhaill de clubanna snáimhe agus ‘uisce-polo’. Chomh maith leis sin tá linn snáimhe againn sa scoil a úsáidtear chun snámh a mhúineadh i ranganna Corp Oideachas. Úsáideann na daltaí cónaithe an linn freisin tar éis scoile gach lá. Glacann an fhoireann snáimhe scoile páirt i gcomórtaisí snáimhe ar son na scoile i rith na bliana.
Marcaíocht Capall
Tá suim ag roinnt daltaí sa scoil i marcaíocht capaill agus glacann siad páirt i gcomórtaisí scoile ar son na scoile i rith na bliana.
Lúthchleasaíocht
Glacann daltaí na scoile páirt i gcomórtaisí lúthchleasaíochta i rith na bliana ar fad. Tá roinnt daltaí na scoile ina bhaill de chlubanna lúthchleasaíochta agus glacann siad páirt i gcomórtaisí ag leibhéal difriúla ó réigiúnach go náisiúnta. Glacann na daltaí páirt i gcomórtaisí raoin, faiche agus tras-tíre.
Gailf
Is mór an spórt é an gailf sa cheantair agus tá go leor clubanna gailf i gceantair na scoile. Dá bharr tá grúpa daltaí an oilte sa spórt ag freastal ar an scoil agus glacann siad páirt i gcomórtaisí i rith na bliana ar son na scoile
Cispheil
Tá chomh maith foireann láidir cispheile i nGleann Maghair agus tá roinnt mhaith buaite ag foirne na mná ag leibhéal náisiúnta. Imríonn daltaí na scoile ar na foirne faoi aois leis an club agus tá iardaltaí na scoile ina ionadaithe ar an foireann ‘Superleague’. Mar sin tá sé nádúrtha go bhfuil suim mór sa scoil sa chispheil agus tá sé lárnach sa chlár comhchuraclaime. Tá foirne cispheile ag an scoil do chailíní agus buachaillí. Bíonn foirne Chéad bliana, Dara Bliana, F16 agus F19 ag an scoil gach bliain. Cabhraíonn oifigeach forbartha cispheile áitiúla leis na foirne cispheile scoile a thraenáil. Bíonn dhá seisiúin traenála in aghaidh na seachtaine agus leanann an traenáil ar aghaidh an bhliain ar fad, fiú amháin nuair a bhíonn comórtais thart. Déantar na foirne a thraenáil sa halla cispheile sa tOileán Bheag.