|
|
Nuacht is Déanaí
Gradaim na Scoileanna Gníomhach 2008
23/09/2008
Seo Daltaí Colaiste An Phiarsaigh a bhuaigh duais réigiunach i gcomórtas na Scoileanna Gníomhach. Bhronntar duais 4,000 euro ar an scoil ag an lá céiliúradh i Baile Átha Cliath ar an 15/5/08. D'eagraigh an scoil seachtain gníomhachtaí i mí Aibreáin agus chomh maith leis sin chuir an scoil tionscnamh le chéile mar gheall ar gniomhaíochtaí eischuriclaime agus Corp Oideachas sa scoil. Tugadh cuireadh dóibh mar ceann de cúig buatheoir réigiúnach sa tír, dul go dtí an Helix i DCU agus taispáinteas a chur ar stáitse a léirigh an raon gníomhaíochtaí a déanann daltaí na scoile. Léirigh an comórtas agus an tionscnamh seo do dhaltaí na scoile chomh tabhachtach is atá sé do gach duine a bheith gníomhach agus chabhraigh sé go mór le stádas an gníomhaíocht a ardú sa scoil.
Tá an taispainteas le feiscint ar suíomh na scoileanna gníomhach ag: http://www.activeschoolawards.ie/colaiste_an_phiarsaigh_gleann_maghair_corcaigh.html
taispainteas |
 |
Na Sairséalaigh
16/09/2008
Tabhair vóta do club iománaíochta NA SAIRSÉALAIGH!!!!
WWW.ETIHADGAA.IE/VOTE
‘Best Club Under The Sun’
Chun do thacaíocht a thaispeáint dár club iománaíochta áitiúl freastal ar an suíomh idirlíne thuas agus caith do vóta ar son na Sairséalaigh. Is é an duais a faigheann na buaitheoirí ná turas chuig ABU DHABI chun campa traenála a dhéanamh le laochra iománaíochta DJ Carey agus Nicky English!
SONRAÍ:
1.freastal ar www.etihadgaa.ie/vote
2.cuir tic le Sarsfields hurling club, cork
3.cuir síos do ainm agus e-phost
4.click VOTE.
Dáta dúnadh: 21ú Méan Fomhar 2008
|
|
|
Ríomhlann Nua
15/09/2008
Tá Ríomhlann nua den scoth tar éis oscailt sa scoil. Tá 31 ríomhaire nua ‘Apple’ ann. Is feabhas an-mhór é seo ó thaobh teicneolaíocht de sa scoil. Bhailigh daltaí, tuismitheoirí agus muinteoirí na scoile an t-airgead do na ríomhairí seo tríd dul ar shiúlóid mór scoile anuraidh. Don siúlóid chuamar thart timpeall ar Páirc uí Chaoimh, thart ar Machain agus Carriag dubh, 12km ar fad.
Bhailíomar thart timpeall ar 20,000 euro ón urraíocht a fuaramar agus chuaigh an t-airgead sin chuig cheannach na ríomhaire. Is buntáiste ollmhór iad na ríomhairí seo don scoil agus daltaí na scoile, chun leas a bhaint astu ag déanamh taighde nó tionscnimh.
|
|
|
Suilóid Gaisce 2008
13/09/2008
Chuaigh grúpa daltaí agus múinteoirí ar súilóid timpeall Iarthar Chorcaí i 2008 mar chuid den dúshlan Gaisce |
 |
Tráthnóna Oscailte
11/09/2008
Tugann Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair cuireadh do thuismitheoirí agus do dhaltaí Rang 6 teacht chuig Tráthnóna Oscailte, Dé Céadaoin 12 ú Samhain 2008 19.00 go 21.00. Caint an Phríomhoide 19.30 |
|
|
Siúlóid Scoile 2008
24/04/2008

Ar an 12 Aibreán 2008 thugamar faoin tsiúlóid scoile. Bhí an lá go diail ar fad. Cé go raibh an cuma ar an scéal go mbeadh an lá fliuch ní mar sin a tharla in aon chor. Bhailíomar go léir, idir mhúinteoirí, daltaí agus thúismitheoirí ag Páirc Uí Chaoimh ar a naoi a chlog ar maidin. Tar éis na rollaí a ghlaoch tugadh cead a gcinn do na grúpaí éagsúla bailiú leo. Bhí daoine eile gur theastaigh uathu an cúrsa a rith. D’fhágadar san beagán níos déanaí. Thugamar ár n-aghaidh soir i dtreo na sean-líne iarnróid agus bhogamar go gasta ar aghaidh i dtreo tollán Sheáin Uí Loingsigh. Thrasnaíomar an príomhbhóthar sular shroicheamar an tollán.
Seo linn ag bogadh ar aghaidh agus shiúileamar feadh an chósta ar feadh míle slí nó mar sin. Cé go raibh sé fuar bhí sé tirim agus níor bhraitheamar an t-am ag sleamhnú. Ghabhamar thairis Pháirc Sheosaimh Mhic Aodha agus thógamar sos gairid ansan. Bhí seans ag daoine greim bídh a ithe agus chuireamar dínn arís. Faoi mar a deireann an seanfhocal, “Giorraíonn beirt bóthar”. Leanamar orainn ag siúl i dtreo na cathrach agus sinn ag siúl feadh an Marina. Siar linn i dtreo Chaisleán na Carraige Duibhe agus ar ais go dtí Páirc Uí Chaoimh. Níor chuaigh aon duine amú a bhuíochas san don treoir iontach a bhí curtha ar fáil ag tuismitheoirí. Ní raibh ceal bídh orainn ach an oiread mar go raibh socrú déanta ag Cumann na dTuismitheoirí go mbeadh bia le fáil i rith agus ag deireadh na siúlóide. Shroicheamar ceann scríbe thart ar a leath uair tar éis a dó dhéag cé go dtuigtear dúinne, foireann na nuachtlitreach go raibh cúpla múinteoir beagáinín mall. Bhuel nílimid ach ag rá! Is dócha gur shiúileamar isteach is amach le seacht nó ocht míle slí ar fad an lá úd. Bhí radharcanna deasa le feiceáil chomh maith.
Cinneadh ar an siúlóid seo a eagrú cúpla seachtain ó shin. Is é bun agus barr an scéil ná go gcaithfear ríomhairí nua a cheannach don scoil. Is baolach go bhfuil na ríomhairí atá againn i ndeireadh na feide. Bhuel tá ladhar maith airgid bailithe cheana féin, €21,500.00 go díreach. Bhuaigh daltaí a bhailigh airgid, ipods agus itouches. Bronnadh na duaiseanna orthu siúd a bhuaigh. Roghnaíodh na buaiteoirí i gcrannchur.
|
|
|
|
|