An Turas Go Barcelona

Dé hAoine an 12ú lá de mí Feabhra, bhailigh lucht an turas go léir ag an aerfort ag 3:15. Bhíomar ar fad ag tnúth go mór leis mar ab cheart duinn! Bhí eitilt breá gearr againn agus bhíomar i mBarcelona gan mhoill. Bhí seomra cuíosach mór agus compórdach againn san ostán agus bhí tús maith againn ann an céad mhaidin. Bhí treoraí againn ar an mbus 'Rhubarb & Custard', a bhí lán de caint stairiúil agus amhráin! Chuamar go dtí Camp Nou ar dtús agus fiú nár cheap mé go mbeadh suim agam ann, bhain mé lán taitneamh as! Ansin rinneamar scátáil oighir agus bhí an- spraoi againn. :) Chonaiceamar obair Gaudi i Sagrada Familia agus Park Guell freisin. Gan amhras bhí iontas an domhain orainn á feiscint.
Cé go raibh atmaisféar deas ann ar lá an Valintín le haghaidh raidhse daoine, bhí slua mór daoine tinn ón lá sin ar aghaidh. Chuamar go dtí Circuit De Catalunya, Cathair Barcelona, an zú, aquarium, siopadóireacht san L'illa Diagonal, an Staidiam Olympic agus mion- galf agus babhláil san oíche. Turas lán d'imeachtaí a bhí ann agus ní déanfaidh éinne duinn dearmad air riamh.
26/02/2010