Calcutta 2010 le Megan Ní Mhurchú
Mar is eol daoibh go léir, bhí naoinúr ón ceathrú bhliain i gCalcutta le déanaí. Ba thuras iomlán do-chreidthe é. Bhuaileamar le alán páistí beaga sna slumaí agus dílleachtlanna Hope. Ba thír iomlán difrúil é i gcomparáid linne atá ina gcónaí anseo sa domhain forbartha. Tá a cultúir an-thabhachtach dóibh agus ta sé le feiscint i ngach áit. Bhí truailliú uafásach déanta don chathair, bhí bruscar i ngach áit ar na sráide agus bhí daoine ina chónaí in aice leis. Bhí sé an-bhrónach nuair a tháinig na daoine seo atá ina gcónaí ar thaobh na sráide suas chuig an bhus ag iarraidh bia agus airgead a fháil uainn. D'aistrigh sé an slí ina smoainóimíd ar rudaí go hiomlán. Bhí na slumaí plódaithe le daoine agus bhí a choinníolacha beatha uafásach ar fad. In ainneoin sin, bhí gach aon duine a bhuaileamar ann comh deas agus áthasach cé nach bhfuil aon rud in aon chorr acu. Ar an iomlán ba thuras iontach ann agus mholfainn d'aon duine dul ann.
24/05/2010