Gníomhaíochtaí
Díospóireacht & Drámaíocht
Sé aidhm an gclub seo ná scileanna pearsanta agus sóisialta na ndaltaí a fhorbairt. Cruthaítear féin-mhuinín sna daltaí agus tugtar deis dóibh bualadh le daltaí eile agus obair leo. Bíonn deis acu chomh maith páirt a ghlacadh i drámaí agus i gcomórtais éagsúla. Úsáidtear na scileanna a fhoghlaimíonn daltaí sna clubanna seo sa tseomra ranga féin agus lasmuigh den scoil sa gnáthshaol.
Tráth na gceist
Bíonn foireann Tráth na gceist ag an scoil gach bhliain. Roghnaítear daltaí don fhoireann Tráth na gceist scoile tríd trialacha a rith ag tús na bliana. Glacann daltaí páirt i gcomórtais éagsúla i rith na bliana ar nós ‘Thomas Crosbie Holdings Irish Examiner Schools Quiz’, agus roinnt cinn réigiúnacha eile a eagraítear le linn na scoilbliana.
Potadóireacht
Tá club Potadóireachta sa scoil a bhuaileann le cheile sa tseomra Ealaíne tar éis scoile i rith na bliana. Déanann siad earraí potadóireachta éagsúla agus bíonn taispáintisí agus díolacháin potadóireachta ag oícheanta oscailte agus ag amanta áirithe i rith na bliana.
Ceol Traidisiúnta
Toisc gur scoil lán ghaelach í Coláiste an Phiarsaigh agus toisc go bhfuil an Cheol an láidir mar ábhar scrúduithe sa scoil tá sé nádúrtha go bhfuil an-suim ag roinnt daltaí sa cheol traidisiúnta. Tá traenáil á dhéanamh ag daltaí na scoile ar uirlisí éagsúla agus ag amanta ar leith i rith na bliana tagann daltaí gur suim leo le cheile chun ceol traidisiúnta a cleachtadh faoi stiúir an mhúinteoir cheol. Bíonn an grúpa ag seinm ag ceolchoirm na Nollag, oícheanta oscailte agus i rith seachtain na Gaeilge go háirithe.
Cór
Tá cór ag an scoil a buaileann le cheile ag amanta áirithe i rith na scoilbliana. Is fíor mheascáin do dhaoine a bhíonn páirteach ann ó dhaoine go bhfuil suim acu sa cheol go daoine a bhíonn páirteach i seónna móra ar stáitse sa chathair. Tá fáilte roimh gach duine a bheith páirteach ann. Déanann an chór taispáintisí ag ócáidí móra i rith na scoilbhliana go háirithe Ceolchoirm na Nollag. Bíonn an cór faoi stiúr an mhúinteoir ceol.