Gaelchas Teo

Scoil Na nÓg

Gailearaí Na nGrianghraf

Meitheal

Foireann Meitheal 2007 / 2008
Cad is Meitheal ann?

 

Is deis é an Clár Meitheal do dhaltaí cúigiú bliain timpeall na tire chun páirt a ghlacadh i dtionscnamh forbairt ceannaireacht agus scileanna saoil a aimsiú is a chur i bhfeidhm. Grúpa de dheichniúir atá ann a thugann aire don chéad bliain agus a eagraíonn imeachtaí éagsúla dóibh.

 

Déantar iarracht saol na meánscoile a dhéanamh chomh héasca is compórdaí agus is féidir don chéad bliain. Tá na himeachtaí tábhachtach chun na daltaí nua a mheascadh le chéile chun seans a thabhairt dóibh aithne a chur ar réimse mór dhaoine nach mbeadh aithne acu air cheana féin. Freisin tugtar ‘anamchara’ do gach chéad bliain, ‘sé atá i gceist le anamchara ná dalta cúigiú bliain a thabharfaidh aire speisialta ar an dalta sin agus a choimeádfaidh súil orthu i rith na bliana. Leis sin, bíonn an foireann Meitheal i gcónaí ann chun éisteacht le aon fadhb atá ag dalta faoi leith.

 

Conas a pioctar an foireann Meitheal? 

Scala, grúpa neamhspleách, a ritheann an clár Meitheal i gCorcaigh. Is féidir le daltaí iarratas a dhéanamh ar Meitheal san idirbhliain. Déantar agallamh ar gach iarratóir agus roghnaítear deichniúir do fhoireann Meitheal an bhliain seo chugainn. Cuirtear cúrsa traenáil ceithre lá ar fáil do na iarrathóirí rathúla in ionad Scala i Bessboro, Carraig Dubh. Múintear scileanna ceannaireachta, cumarsáide, forbairt pearsanta is meas do dhaoine eile.

 

Imeachtaí na bliana a eagraítear

Eagraítear imeacht nó eachtra faoi leith gach mí ina ghlacann an chéad bliain páirt chun idir nascadh le chéile agus aithne níos fearr a chur ar a chéile. Is iad na saghas rudaí a eagraíodh ná:

  1. Maidin Chaife
  2. Céilí Shamhna
  3. Siúlóid
  4. Tráth na gCeist
  5. Lá Imeachtaí Spóirt
  6. Seó Tallainne
  7. Agus roinnt imeachtaí eile

Bíonn gá do cruinnithe seachtainiúil a bheith ag an bhfoireann chun na imeachtaí éagsúla a eagrú agus fadhbanna áirithe a phlé. Tá cathaoirleach, rúnaí agus cisteoir ceaptha ag an bhfoireann chun obair an fhoireann a dhéanamh níos éasca agus roinnt freagrachtaí a bhainistiú. Tá múinteoir tacaíochta, múinteoir sa scoil, ceaptha chun cabhrú leis an bhfoireann má tá sé ag teastáil agus ceangailt a bheith ann idir an bhfoireann agus na múinteoirí.



Daltaí
| Múinteoirí

ARL DESIGN