Scéal Is Déanaí

Cispheil na mBuachaillí

Jan 09 2017
3
0

Tá leath Chraobh na hÉireann i gCispheil Sinsir na mBuachaillí ar siúl inniu i Staid Neptune. Go neirí go geal libh a bhuachaillí.

Saoire na Nollag

Dec 19 2016
2
0

Beidh an scoil ag críochnú ag meán lae ar an nDéardaoin 22-12-2016 le haghaidh Saoire na Nollag agus beidh an scoil ag filleadh thar nais ag 9.00 ar an 09-01-2017.  Nollaig Shona agus athbhliain shuaimhneach daoibh go léir.

Margadh na Nollag & Ceolchoirm Idirbhliana

Dec 19 2016
4
0

Beidh Margadh na Nollag agus Ceolchoirm Idirbhliana ar siúl Dé Luain anseo i Halla na Scoile agus beidh Daidí na Nollag ar cuairt.  Ta súil againn go raibh gach éinne go maith i mbliana!

Scannán na Nollag

Dec 19 2016
1
0

Scannán na Nollag ar siúl do Bliain 1 ar an gCéadaoin eagraithe ag Meitheal: Halla na Scoile 1.30 - 3.00.

Seo Linn

Dec 12 2016
1
0

Grúpa ceol Seo Linn anseo ar an Aoine ar scoil. Dhá cheolchoirm i Halla na Scoile - gach duine ar bís.

Breithlá an Phiarsaigh

Dec 08 2016
3
0

Cheiliúramar breithlá an Phiarsaigh ar an 10 lá de mhí na Samhna 2016 agus chuireamar clabhsúr leis an mbliain broidiúil a bhí curtha dínn againn.  Mar chuid de cheiliúradh an lae úd tháinig an Teachta Dála Éamonn Ó Cuív ar cuairt chugainn.  Bhailíomar sa halla agus thug an príomhoide a aitheasc agus tar éis dreas álainn ceoil ó cheoltóirí na scoile labhair ár n-aoi go soslabhartha faoin bPiarsach agus an ré staire úd in ar mhair sé.  Chuir sé ar ár súile dúinn cad as a fáisceadh agus a fuinneadh Gaelachas Teoranta agus Coláiste an Phiarsaigh dá réir.  Nocht sé an saothar dealbhóireachta a bhronn Gaelachas Teoranta ar an scoil in onóir na hócáide, a dhealbhaigh Michael Quaine R.H.A. 

Cartlann
Catagóirí
clibeanna