Scéal Is Déanaí

Turas Staire

Jan 16 2017
2
0

Daltaí Staire Sinsir na Scoile ar thuras lae go Londain ar an Mháirt.  Beidh Big Ben i dteagmháil le toradh na cuairte.  Go n-éirí libh.

Eolaí Óg

Jan 16 2017
0
0

Comhghairdeas le lucht an Éolaí Óg - duais buaite acu don taispeántas a b'fhearr an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath. Maith sibh.

Turas Idirbhliana

Jan 09 2017
3
0

Beidh an Idirbhliain ar fad i gCeapach na Laoi an tseachtain seo chugainn ag baint sult agus spraoi as imeachtaí éagsúla.

Comórtas an Eolaí Óg

Jan 09 2017
3
0

Tá tionscnamh ón Idirbhliain i gComórtas an Eolaí Óg an tseachtain seo.  Baineann sé le cúrsaí gailf!!  Beimid ag siúl le dea thoradh.

Measúnú Iontrála Bliain 1

Jan 09 2017
3
0

Beidh Measúnú Iontrála Bliain 1 2017/18 an Satharn seo 14-01-2017 ag tosnú ag 9.00.  Táimid ag siúl le bualadh le gach éinne.

Cispheil na mBuachaillí

Jan 09 2017
3
0

Tá leath Chraobh na hÉireann i gCispheil Sinsir na mBuachaillí ar siúl inniu i Staid Neptune. Go neirí go geal libh a bhuachaillí.

Saoire na Nollag

Dec 19 2016
2
0

Beidh an scoil ag críochnú ag meán lae ar an nDéardaoin 22-12-2016 le haghaidh Saoire na Nollag agus beidh an scoil ag filleadh thar nais ag 9.00 ar an 09-01-2017.  Nollaig Shona agus athbhliain shuaimhneach daoibh go léir.

Margadh na Nollag & Ceolchoirm Idirbhliana

Dec 19 2016
4
0

Beidh Margadh na Nollag agus Ceolchoirm Idirbhliana ar siúl Dé Luain anseo i Halla na Scoile agus beidh Daidí na Nollag ar cuairt.  Ta súil againn go raibh gach éinne go maith i mbliana!

Scannán na Nollag

Dec 19 2016
1
0

Scannán na Nollag ar siúl do Bliain 1 ar an gCéadaoin eagraithe ag Meitheal: Halla na Scoile 1.30 - 3.00.

Seo Linn

Dec 12 2016
1
0

Grúpa ceol Seo Linn anseo ar an Aoine ar scoil. Dhá cheolchoirm i Halla na Scoile - gach duine ar bís.

Cartlann
Catagóirí
clibeanna