Scéal Is Déanaí
All Posts Author: Cólaiste an Phiarsaigh

Seo Linn

Dec 12 2016
1
0

Grúpa ceol Seo Linn anseo ar an Aoine ar scoil. Dhá cheolchoirm i Halla na Scoile - gach duine ar bís.

Breithlá an Phiarsaigh

Dec 08 2016
3
0

Cheiliúramar breithlá an Phiarsaigh ar an 10 lá de mhí na Samhna 2016 agus chuireamar clabhsúr leis an mbliain broidiúil a bhí curtha dínn againn.  Mar chuid de cheiliúradh an lae úd tháinig an Teachta Dála Éamonn Ó Cuív ar cuairt chugainn.  Bhailíomar sa halla agus thug an príomhoide a aitheasc agus tar éis dreas álainn ceoil ó cheoltóirí na scoile labhair ár n-aoi go soslabhartha faoin bPiarsach agus an ré staire úd in ar mhair sé.  Chuir sé ar ár súile dúinn cad as a fáisceadh agus a fuinneadh Gaelachas Teoranta agus Coláiste an Phiarsaigh dá réir.  Nocht sé an saothar dealbhóireachta a bhronn Gaelachas Teoranta ar an scoil in onóir na hócáide, a dhealbhaigh Michael Quaine R.H.A. 

Fógra do Thuismitheoirí

Nov 06 2016
4
0

Beidh an scoil ar oscailt mar is gnáth ar an Luan 7 Samhain.  Gnáth lá scoile a bheidh ann

Cartlann
Catagóirí
clibeanna